OJ:L_202490420

Redacția Lex24
Publicat in Jurnalul Oficial UE, 15/07/2024


Vă rugăm să vă conectați la marcaj Închide

Iris Oifigiúil an Aontais EorpaighGASraith L2024/110315.7.2024Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis...

Informatii

Data documentului: 15/07/2024; data publicării
Autor: Comisia Europeană, Direcția Generală Traduceri
Formă: Jurnalul Oficial UE
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1103

15.7.2024

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/1103, 19 Aibreán 2024)

Ar leathanach 1, sa teideal:

in ionad:

‘lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188’,

léitear:

‘lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188 ón gCoimisiún’.

Ar leathanach 3, in aithris 19, an dara habairt, agus in aithris 20; ar leathanach 39, Iarscríbhinn IV, an tábla ‘Rialuithe’, an colún deireanach, an dara ró, an dara habairt, an triú ró, an dara habairt agus an cúigiú ró, an dara habairt; ar leathanach 40, Iarscríbhinn IV, an tábla ‘Rialuithe’, an colún deireanach, an chéad ró, an dara habairt:

in ionad:

‘móideanna’,

léitear:

‘móid’.

Ar leathanach 4, in Airteagal 1, mír 2(c):

in ionad:

‘(c)

téitheoirí spáis áitiúla bhfuil an t-aschur teasa díreach acu níos lú ná 6 % den aschur teasa díreach i gcomhcheangal leis an aschur teasa indíreach ag aschur teasa ainmniúil;’,

léitear:

‘(c)

téitheoirí spáis áitiúla a bhfuil an t-aschur teasa díreach acu níos lú ná 6 % den aschur teasa díreach i gcomhcheangal leis an aschur teasa indíreach ag aschur teasa ainmniúil;’.

Ar leathanach 5, in Airteagal 1, mír 2(e):

in ionad:

‘(e)

soirn shabhna;’,

léitear:

‘(e)

soirn sabhna;’.

Ar leathanach 5, in Airteagal 2, an frása tosaigh:

in ionad:

‘Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:’,

léitear:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:’.

Ar leathanach 6, in Airteagal 4(1):

in ionad:

‘1.

Is é a bheidh sa nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Threoir 2009/125/CE rialú an dearaidh inmheánaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin nó an córas bainistíochta chun measúnú a dhéanamh a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.’,

léitear:

‘1.

Is é a bheidh sa nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Threoir 2009/125/CE rialú an dearaidh inmheánaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin nó an córas bainistíochta chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.’.

Ar leathanach 8, in Airteagal 9, an dara mír, an seachtú fleasc:

in ionad:

‘cibé an bhfuil laghdú tagtha ar shaolré na dtéitheoirí spáis áitiúla de bharr rialtáin níos forbartha a thabhairt isteach agus a oiriúnaí atá sé na ceanglais a bhaineann le rialtáin a athbhreithniú agus a chur i bhfeidhm chun an tsaolré is faide agus is féidir a áirithiú;’,

léitear:

‘cé acu atá nó nach bhfuil laghdú tagtha ar shaolré na dtéitheoirí spáis áitiúla de bharr rialtáin níos forbartha a thabhairt isteach agus a oiriúnaí atá sé na ceanglais a bhaineann le rialtáin a athbhreithniú agus a chur i bhfeidhm chun an tsaolré is faide agus is féidir a áirithiú;’.

Ar leathanach 8, in Airteagal 9, an dara mír, an t-ochtú fleasc:

in ionad:

‘cibé acu is iomchuí nó nach iomchuí ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hin-uasghrádaithe na rialtán.’,

léitear:

‘cé acu is iomchuí nó nach iomchuí ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hin-uasghrádaitheacht na rialtán.’.

Ar leathanach 13, in Iarscríbhinn II, pointe 1(1)(i):

in ionad:

‘(i)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe ag a bhfuil aschur ainmniúil os cionn 1,2 kW, seachas téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, ní bheidh sí níos lú ná 46,8 %;’,

léitear:

‘(i)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe ag a bhfuil aschur teasa ainmniúil os cionn 1,2 kW, seachas téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, ní bheidh sí níos lú ná 46,8 %;’.

Ar leathanach 13, in Iarscríbhinn II, pointe 1(1)(j):

in ionad:

‘(j)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe ag a bhfuil aschur ainmniúil atá cothrom le 1,2 kW nó faoina bhun, seachas téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, ní bheidh sí níos lú ná 40,5 %;’,

léitear:

‘(j)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe ag a bhfuil aschur teasa ainmniúil atá cothrom le 1,2 kW nó faoina bhun, seachas téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, ní bheidh sí níos lú ná 40,5 %;’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1103/corrigendum/2024-07-15/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top

Abonati-va
Anunțați despre
0 Discuții
Cel mai vechi
Cel mai nou Cele mai votate
Feedback-uri inline
Vezi toate comentariile
Post
Filter
Apply Filters